<< Gabh siar

The Martyr


1923 – agus Éirinn ina chosair chró. Saorstátairí agus Poblachtánaigh in árach a chéile. In úrscéal Liaim Uí Fhlatharta, The Martyr (1933), a tháinig faoi bhac an chinsire in Éirinn, tagann Saorstátairí i dtír ar chósta Chiarraí, iad meáte ar “Sallytown” (Trá Lí ficseanach Uí Fhlatharta) a bhaint ó na Poblachtánaigh. Is trí shúile chosantóirí Sallytown agus mhuintir an bhaile, idir chléir agus thuataigh, a tharlaíonn an eachtra seo. In athchruthú fiscseanach an údair ar chath a tharla le fírinne, tugann trúpaí gairmiúla an tSaorstáit aghaidh ar chosantóirí deonacha neamhoilte droch-chóirithe Sallytown. Baineann easpa éifeacht cheannaire na gcosantóirí seo lena chráifeacht ainmheasartha siúd. Réitíonn agallamh beirte idir eisean agus céastúnach Airm an tSaorstáit an bealach chuig críoch an scéil, a bhainfidh geit as léitheoirí.  


Ar fáil mar r-leabher ó Amazon: 


amazon



Chuile íomhá - Gliogáil lena méadú