An tábhachtach dúinne fós filíocht John Keats? Ina leabhar Revolutionary Romanticism: Examining the Odes of John Keats léiríonn Jenny Farrell croílár fhilíocht Keats gona ciall chomhaimseartha. Cuireann mionléamh ar Ode to Psyche, Ode to a Nightingale, Ode on a Grecian Urn agus To Autumn an file inár láthair trína thuiscintíí féin: áilleacht an tsaoil mar a thiocfadh, is go mba chóir dó, a bheith, é préamhaithe i réalachas a mhúchann mórphobal mídhaonna.
Dar le Thomas Metscher, iar-ollamh le Litríocht Compráideach agus Aesteitic in Ollscoil Bremen: “Príomh-chuspóir na critice liteartha ná garléamh stair-chomhthéacsáilte ar théacsanna a chothú. Cuireann a leithéid an tuiscint is gá do léitheoirí le téacs a mheas. Cuireann Jenny Farrell sin ar fail go sainiúil anseo, mar a chuir cheana ina leabhar ar thragóidí Shakespeare. Nochtaíonn sí, i dtéacsanna na n-ód, seasamh forásach daonachach réabhlóideach a chuireann Keats taobh le Blake agus Shelley mar cheann de mhór-fhilí Rómánsachas an Bhéarla. Nascann sí léire anailíseach lena comhbhá mothúchánach d’fhonn bealach chun na n-ód a léiriú do léitheoirí an lae inniu, maille le háilleacht agus fíorthabhacht chomhaimseartha téacsanna atá 200 bliain d’aois.”
ISBN-10: 197580693X ISBN-13: 978-1975806934