<< Gabh siar

The Irish Abolitionist


Bhain Risteárd Ó Maidín, Éireannach is riarthóir de chuid chóilíneachtaí na Breataine, trodaí in aghaidh na sclábhaíochta agus beathaisnéisí na nÉireannach Aontaithe, leas as postanna i gCúba, san Iamáice, san Afraic Thiar is an Astráil Thiar le troid ar son chúis na gciníocha buailte. Ba é ba chinntsiocair le saorú daor a bhí á n-iompar ag an long sclábhaíochta, an tAmistad. Ba chrá croí é ag scothaicmí coilíneacha ar thrí mhórchríocha. Chonaic sé uafás Dhrochshaol na hÉireann agus daorsmacht á chur ar bhundúchasaigh na hAstráile. Agus é beo ar a chlisteacht sóisialta agus polaitiúil, thacaigh sé le fuascailt a chomhÉireannaigh Chaitliceacha fhad’s bhí lochtanna na bunaíochta á nochtadh aige. Tá neart ceisteanna sóisialta agus polaitiúla a dtugtar aghaidh orthu in The Irish Abolitionist chomh mór le hábhar inniu agus a bhíodar nuair a scríobh an Maidíneach fúthu i gcéaduair breis agus céad bliain ó shin. CuireannThe Irish Abolitionist fulaingt agus débhríochas cultúrtha na nGael agus ciníocha eile a thit faoi chuing an chóilíneachais sa 19ú céad in iúl dúinn go láidir.


amazon



Chuile íomhá - Gliogáil lena méadú