<< Gabh siar

Is Stacey Pregnant?


Muca clúiteacha Animal Farm George Orwell agus iad athshaolaithe sa 21ú céad is ea Is Stacey Pregnant?  Tá muca Mhic Shíomóin i gceannas ar nuashaol “misniúil” seo na cosmhuintire gan chomhacht. Nasctar sproschaint na n-iomráiteach, baothchláracha cainte agus bás na cumarsáide céillí, sa bhfís apacailipteach seo de shaol Fódhlach atá ag tarraingt sa ngiair chúlaithe ar chríoch neamhghnách nach bhfuil coinne léi. Aoraítear camaistíl an aosa pholaitiúil le greann dorcha agus spochadh. Aoir fhiodmhagúil chatairseach ar an tinneas póite a d’fhág an Tíogar Ceilteach ar Éirinn is ea Is Stacey Pregnant?



Chuile íomhá - Gliogáil lena méadú