<< Gabh siar

Aran to Africa: An Irishman's Unique Odyssey - Commemorative Edition


Shéalaigh Pádraig Ó Tuathail Meán Fómhair, 2015, tar éis an dó rath a bhí ar an gcéad eagrán dá chuimhní uathúla cinn a bhlasadh. Is breá linn a shaothar a fhoilsiú arís d’fhonn cur le comóradh a shaoil is a shaothair. Tá griangrafanna agus ómós breise dó san atheagrán seo agus réamhrá ón scríbhneoir iomráiteach, Sebastian Barry.


In Aran to Africa, tugann Pádraig Ó Tuathail  spléachadh dúinn ar Árainn a óige. Leanann muid a lorg is Béarla á fhoghlaim aige, ina ábhar ceannairceach sagairt, ina oibrí togála, ina aontumhach ag cur faoi i háram Eimir Afraiceach is an Córam á mhúineadh aige do dhaltaí Machmadacha, ina mharcach is ina bhádóir oilte, ina shagart i ngleic le maorlathaigh eaglasta, ina eagarthóir irise, ina mhacléinn dochtúireachta i gCeanada, ina mhúinteoir i Sasana, ina eagraí ar cheolchoirmeacha idirnáisiúnta, agus ina ollamh iriseoireachta sa Tansáin. Ar an aistear eachtrach seo, bualann muid leis an údar Poncánach, Leon Uris, le gúrú na meán, Marshall McLuhan, leis na hoideachasóirí móra, Paolo Freire agus Ivan lllich, maille leis na húdair, Maeve Binchy, Breandán Ó hEithir agus John B. Keane. Pósann sé Mary O’Hara, ceoltóir a bhfuil cliú domhanda uirthi. Agus é fillte ar a dhúchas in lnis Mór, meánn an t-údar smaointe a d’eascair as saol gníomhach a chuirfidh an léitheoir ag machnamh.


amazon



Chuile íomhá - Gliogáil lena méadú