<< Gabh siar

Les dues Barcelonetes


Agus fonn mór air bheith ina bhádóir, d’fhág Feliu Bonoccio Llenza a bhaile sa gCatalóin lena shlí bheatha a bhaint amach i gcóilíneachtaí Cairibeacha na Spáinne .  Agus é préamhaithe i bPórtó Ríce, bhunaigh sé Barceloneta, baile a chuir go mór le saol tráchtála an oileáin. Trína chuid eachtraí a thabhairt chun cuimhne, cuireann muid eolas ar ghné Chatalóineach stair Phórtó Ríce, atá léirithe fós ag sloinnte na n-oileánach agus ag logainmneacha an oileáin. Déanann an leabhar seo athbhunú samhalta ar an gceangal stairiúil farraige idir Pórtó Ríce agus An Chatalóin. 


amazon    

 


 


Chuile íomhá - Gliogáil lena méadú