<< Gabh siar

The House of Gold


Léargas neamhghnách orainn ag am tábhachtach inár gcuid staire is ea The House of Gold, an chéad úrscéal in Éirinn ar chuir an cinsire bac air. Tá sé suite, agus an Cogadh Cathartha thart, i mbaile suaite in Iarthar na hÉireann ina raibh an tseanbhunaíocht díshealbhaithe ag scothaicme cham dhúchasach, a bhfuil Ramon Mór santach Costello, gona chomhleacaithe cléireacha, i gceannas uirthi. A sheodbhean sciamhach siúd a spreagann na gníomhartha foréigneacha a threoraíonn an scéal chuig críoch gan choinne. Saint, ainmhianta cléire, frustrachas gnéasach, alcóileachas agus dúnmharú: sin téamaí atá fite ina chéile ag Liam Ó Flaithearta, duine dár scríbhneoirí dúchasacha ba mhó cáil, san úrscéal liriciúil neamhghnách seo.


 


amazon



Chuile íomhá - Gliogáil lena méadú