<< Gabh siar

Na Patricios


Aithrisíonn Na Patricios scéal chathlán na nGael a throid sa chogadh idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe idir 1846 is 1848. Throid na laochra seo i bpríomhchathanna na gleice sin, faoina mbrat glasuaine féin. Moladh go minic iad as a gcuid misnigh sa bhearna baoil. Agus an cogadh ag druidim chun deiridh, is a gcuid lón cogaidh ídithe, níor ghéill na Gaeil seo. Chuaigh siad i mbun na mbeaignití go dtí gur éirigh le líon mór Poncánach iad a chloí. D'ainneoin a gcuid misnigh sa ghleic, gabhadh 85 ball den chathlán gur chéas is gur chroch na Poncánaigh iad, i gceann de na coireanna cogaidh ba náirí den chogadh fuilteach úd.Cuimhníonn pobal Mheicsiceo ar íobairt na nGael seo le bród is le buíochas. Seo an chéad leabhar de shraith ina ndéantar cur síos ar eachtraí na nGael, agus a sliocht, i Meiriceá Theas. Eagrán Spáinnise. (r-Leabhair)


amazon


 


 



Chuile íomhá - Gliogáil lena méadú