Fáilte go Nuascéalta



Bunaíodh Nuascéalta Teoranta, comhlacht neamhspléach foilsitheoireachta i 2011. Tá muid ann le scríbhneoireacht úr ilchineálach, go háirithe i nGaeilge, ach i mBéarla, Spáinnis agus i gCatalóinis freisin, a chur ar fáil.

Foilsíonn muid idir 10-20 saothar in aghaidh na bliana, leabhra do pháistí, ficsean, filíocht, neamhfhicsean agus aistriúcháin san áireamh. Foilsítear iad mar ghnáthleabhra agus mar r-leabhra.

Cuirfidh Nuascéalta suíomh ar fáil do shaothair nach furasta lipéad a bhualadh orthu. Bíonn drogall go minic ar fhoilsitheoirí móra iad féin a chur sa bhfiontar. Ach tapóidh muide ár bpolasaí le roghain níos leithne a chur ar fáil do léitheoirí.

Is é Ár Scéalta, sraith de 10 leabhrán do pháistí idir 4 agus 7 mbliain d’aois, bunchloch ár soláthar don óige, Ag freagairt don éileamh ó mhúinteoirí, chuireamar treoirleabhra ar fail dóibh a fhreagraíonn do theidil uilig Ár Scéalta.



Ár leabhar is déanaí